Is éard is tobac ann ná duillí úra na bplandaí sa ghéineas úd
Nicotiana a leasaítear ar bhealach ar leith le haghaidh úsáide mar
dhruga. Is é an dóigh is minice a gcaitear tobac ná é a chur ag
cráindó i dtoitín, i bpíopa nó i dtodóg agus an toit a análú
isteach. Sa Ghaeilge, deirtear go bhfuiltear ag caitheamh tobac, ach
úsáidtear an leagan tobac a ól freisin, go háirithe sna canúintí
deisceartacha.
Is é an Nicotiana tabacum an cineál is mó a chuirtear, ach baintear
úsáid as an gcineál Nicotiana rustica chomh maith. Tá an rustica chomh
saibhir sa nicitín is gur féidir é a úsáid le nicitín a tháirgeadh mar
fheithidicíd. Bíonn na seamain bhundúchasacha i Meiriceá Theas ag
úsáid an chineáil sin mar dhruga sícideileach freisin.... [ níos mó ]
Is é an 2 Deireadh Fómhair an 275ú lá den bhliain de réir fhéilire
Ghréagóra nó an 276ú lá i mbliain bhisigh. Tá 90 lá fágtha sa bhliain. 
Tá an téacs ar fáil faoi réir an Creative Commons
Attribution/Share-Alike License; féadann téarmaí eile a bheith i
bhfeidhm sa bhreis. Féach ar Téarmaí Úsáide le sonraí a fháil. 
D'fhoilsigh Comhairle Thaighde Liachta na Breataine páipéar a deir go
bhfhéadfá ailse a fháil de bharr a bheith ag caitheamh tobac
